







Daoibhse a bheidh ag taisteal, seo thíos roinnt roghanna lóistín sa cheantar:
Páirc Bhaile na Lorgan – tá dornán cábáin shimplí en suite ar an láthair féin. Má tá spéis ag duine ar bith iontu sin, díreach gabh i dteagmháil linn.
Ballymascanlon Hotel – óstán stairiúil 4-réalta atá cúpla bomaite ar shiúl sa charr.
Tá réimse B&Banna gar go leor don ionad, chomh maith le hóstáin in Iúr Cinn Trá agus i nDún Dealgan. Agus tá neart lóistín i gCairlinn, baile beag deas cois cósta atá thart ar 25 bhomaite ar shiúl sa charr.
Ar a bharr sin, is féidir veaineanna campála a thabhairt isteach ar thaillte Pháirc Bhaile na Lorgan agus, don aos eachtraíochta in bhur measc, thig libh puball a thabhairt libh agus a chur in airde amuigh faoin spéir!
Is ag Páirc Bhaile na Lorgan a bheidh gach rud ag tarlú ar an lá. Má bhíonn tacsaithe de dhíth, beifear in ann teacht orthu ar na haipeanna Freenow, Uber, Tap a Taxi, agus trí chomhlachtaí áitiúla.
Cuir ort geansaí do chontae. Níl muid ach ag magadh. Gúnaí agus cúltacha samhraidh, ach i ndáirire éadaí ar bith ina mothóidh tú compordach.
Maidir le coisbheart, tá idir fhéar agus ghairbhéal taobh amuigh den teach – ba chóir go mbeadh sálaí arda téagartha i gceart ach b’fhearr i bhfad na stilettos a sheachaint!
Ba bhreá linn cuireadh a thabhairt do gach páiste ach tá an spás sna seomraí bia teoranta mar sin de ní bheidh muid in ann riar ach ar bhabaithe nach mbeidh suíochán iomlán sa bhreis ag teastáil uathu.
Beidh imeachtaí do pháistí ar siúl an lá ina dhiaidh áfach agus beidh fearadh na fáilte roimh chách acu sin (féach thíos).
Go raibh míle maith agaibh as seo a thuigbheáil.



Beidh an láthair againn an deireadh seachtaine ar fad mar sin, do dhuine ar bith a mbeidh fonn ceiliúrtha orthu go fóill, tá muid ag beartú teacht le chéile fosta an lá dár gcionn, Dé Domhnaigh 21 Meitheamh.
Tá an chuma air gur mionfhéile a bheidh ann – Griantrad – le ceol beo, scéalaíocht, imeachtaí do pháistí srl.
Tuilleadh eolais le teacht!
